By-elections i nGaillimh agus BÁC: An buntáiste í an Ghaeilge sna fothoghcháin?

14 hours ago 2

Rommie Analytics

Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn. Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae. Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo? An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara?Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4. Foclóir:Fothoghchán: By-election Breithiúnas cúirte: Court judgement Moill: Delay Stocaireacht: Campaigning Codarsnacht: Contrast Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency Bruachbhaile: Suburb Áibhéil: Exaggeration Pobalbhreith: Opinion poll An dallamullóg a chur ar dh...
Read Entire Article