Dublin’s new Gaeilge quarter: An fear taobh thiar den fhís
Tá Baile Átha Cliath ag éirí níos Gaelaí óir tá Ceathrú Ghaeilge beartaithe dó. Beidh an Cheathrú Ghaeilge lonnaithe thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil Gaeilgeoirí agus roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Tá sé ina sprioc ag an Cheathrú go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus in úsáid go nádúrtha gach lá i ngnóthaí an cheantair. Ach cén dóigh a athróidh sé an chathair? Agus cén dóigh is féidir gnólachtaí sa cheantar a mhealladh le Gaeilge a úsáid? Labhair Maitiú Ó Casaide, Stiúrthóir Cheathrú Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ar Seachtain faoin bhfís nua Ghaelach don phríomhchathair. Foclóir:Ceathrú: Quarter Eagarthóir: Editor Fís: Vision Athfhorbairt: Redevelop Ag feidhmiú: Operating Dearfacht: Positivity Earcaigh: Recruit Athchruthú: Recerete Bóthar na bhFál: The Falls Road Feiceálach: Visible or prominent Cúthail: Shy Gadaíocht chultúrtha: Cultural theft Masla: Insult Lipéad: Label Tionscadal: Project Borradh: Surge or growth


English (US)